:: wikimiki.org ::
| J.k. Rowling |
J.k. rowling
Is údar Briotanach ficsin í Joanne Rowling (31 Iúil 1965 a rugadh í), a thugtar J.K. Rowling uirthi don chuid is mó. Tá clú agus cáil ar Rowling mar gheall ar an sraith Harry Potter atá scríofa aici. Tá aird idirnáisiúnta dírithe ar na leabhair agus tá neart duaiseanna bainte acu ar fud fad an domhain. I Mí na Feabhra 2004, mheas an t-irisleabhar Forbes gur fiú £576 milliún (€868 milliún) a maoin. Is í Rowling an bhean is saibhre sa Ríocht Aontaithe, i bhfad níos saibhre arís ná Banríon Eilís II.
Tús a Saoil
Bhuail tuismitheoirí Rowling lena chéile ar traein ó King's Cross go hAlbain. Diagnóisíodh a máthair le scléaróis iolrach agus í 15 bliana d'aois, agus fuair sí bás sna 1990í luatha. Tá deirfiúr ag Rowling chomh maith, darb ainm Diana, dhá bhliain níos óige ná í, atá ina dlídóir anois.
D'aistrigh teaghlach Joanne dhá uair agus í ag fás aníos, ar dtús go Winterboure i mBriotol agus ansin go Tutshill in aice le Chepstow. D'fhreastail sí ar mheánschoil Wyedean Comprehensive, áit a d'insíodh sí scéalta dá chomhscoláirí. Rinne sí staidéar ar an Fhraincis ar Ollscoil Exeter, agus bliain á caitheamh aici i bPáras mar chuid dá cúrsa ollscoile. I ndiaidh di an ollscoil a chríochú, d'aistrigh sí go Londain agus chuir sí chun oibre le hAmnesty International mar taighdeoir agus rúnaí dátheangach. Is le linn na haimsire seo, idir turas traenach ceithre-uaire idir King's Cross agus Albain, a cheap sé ar an smaoineamh faoi ghasúr a mbíonn ag freastal ar scoil draídóireachta. Dar léi, faoin am a bhain sí a ceann scríbe amach, bhí na carachtair agus cuid mhaith den scéal do Harry Potter and the Philospher's Stone ar intinn aici. Thosaigh sí ag obair ar an sceál ar a huaireanta lóin.
Ina dhiaidh sin, d'aistrigh Rowling go hOporto sa Phortaingéil, chun Béarla a theagasc mar dhara teanga. Nuair a bhí sí ansin, phós sí le hiriseoir teilifíse Portaingéalach, Jorge Arantes, ar 16 Deireadh Fómhair 1992. Bhí páiste amháin acu, iníon a tugadh Jessica Rowling Arantes (27 Iúil 1993 a rugadh í) uirthi, roimh a gcolscaradh sa bhliain 1995. I ndiaidh an cholscartha, d'aistrigh sí go Dún Éideann lena híníon, agus é ar intinn aici cur fúithí lena deirfiúr. Chuir sí críoch leis an úrscéal, agus í dífhosaithe agus ag maireachtáil ar leas sóisialta. Rinne sí cuid den obair i gcaife i nDún Éideann ó tharla nach raibh teas sa teach aici.
Harry Potter
Mhol foilsitheoir Rowling, Bloomsbury di chun inisealacha a úsáid ar chlúdaigh na leabhar Harry Potter mar smaoinigh siad go mbeadh drogall ar ghasúir na leabhair a cheannach dá mbeadh a fhios acu gur bhean a scríobh iad. Shocraigh Rowling chun ainm láir a shéanmháthar, Kathleen, a roghnú.
D'éirigh go geal le Harry Potter and the Philospher's Stone, agus tá ceithre leabhar eile foilsithe aici sa sraith Harry Potter go dtí seo. Aistríodh é ina céadta teanga, Gaeilge ina measc siúd. Ar 4 Deireadh Fómhair 2004, foilsíodh Harry Potter agus an Órchloch (Máire Nic Mhaoláin a d'aistrigh). Rinne díolachán na leabhar milliúnaí de Rowling, agus i 2001, cheannaigh sí mainteach macnasach, Killiechassie House, ar bhruach na hAbhainn Tay i bPerthshire, Albain, áit a phos sí a dara fear céile, Dr. Neil Murray, ar 26 Mí na Nollag 2001.
Táthar ag súil le seacht leabhar sa sraith Harry Potter, ceann acu le haghaidh gach bliana a chaitheann Harry ar scoil. Tá cúigear acu siúd foilsithe cheana féin. Cuireadh moill ar an cúigiú leabhar, darb ainm Harry Potter and the Order of the Phoenix mar gheall ar chúis bradaíle ón údar Nacy Stouffer. Ghlac Rowling sos ón scríbhneoireacht ag an am sin, mar mhothaigh sí go raibh barraíocht le déanamh aici agus í ag scríobh an cheathrú leabhair. I ndiaidh di insint dá bhfoilsitheoir an spriocdáta a chur siar, chaith sí trí bhliana ag obair ar rud éigin, dar léi, agus go bhfuil seans ann go bhfillfidh sí air nuair atá sí réidh leis an sraith Harry Potter. Cuireadh an cúigiú leabhar amach ar an 21 Meitheamh 2003.
Na leabhartha Harry Potter
- Harry Potter agus an Órchloch (26 Meitheamh, 1997)
- :Tugadh Harry Potter and the Sorceror's Stone ar an leabhar seo sna Stáit Aontaite.
- :Chuir Máire Nic Mhaoláin Gaeilge ar an leabhar seo i 2004. Harry Potter and the Philospher's Stone ab ainm don leabhar i mBéarla.
- Harry Potter and the Chamber of Secrets (2 Iúil, 1998)
- Harry Potter and the Prisoner of Azkaban (8 Deireadh Fómhair, 1999
- Harry Potter and the Goblet of Fire (8 Iúil, 2000)
- Harry Potter and the Order of the Phoenix (21 Meitheamh, 2003)
- Harry Potter and the Half-Blood Prince (16 Iúil, 2005)
Leabhair bainteacha le Harry Potter
- Quidditch Through the Ages (12 Márta, 2001)
- Fantastic Beasts and Where to Find Them (12 Márta, 2001)
Chuaigh an t-airgead a fuarthas ón dá leabhar deireanach seo chun sochair do Comic Relief. Is téacsleabhar é Fantastic Beasts and Where to Find Them agus is dócha gurb é Quidditch Through the Ages an leabhar is cáiliúla sa leabharlann i Hogwarts. Tá nótaí lámhscríofa ar imeall an leathanaigh, agus tá réamhrá le hAlbus Dumbledore ag tús an leabhair. Tá airgead agus tacaíocht tugtha ag Rowling chomh maith do chúiseanna eile eagsúla, go háirithe taighde maidir le scléaróis iolrach, rud a fuair a mháthair bás de i 1990. Tá tionchar mór aige sin ar a scríbhneoireacht, dar le Rowling.
Scannáin Harry Potter
Cuireadh leagan scannáin de Harry Potter and the Philospher's Stone amach i 2001 agus Harry Potter and the Chamber of Secrets sa bhliain 2002. Tá Cúla 4, roinn na bpáistí den stáisiúin Éireannach TG4 ag cur amach leagan Gaeilge den dara scannán - Harry Potter agus an Seomra Rúnda) a thabharfar air.
Bhí atmaisféar níos dorcha sa tríú scannán Harry Potter and the Prisoner of Azkaban mar gheall ar an stiúrthóir nua, Alfonso Cuarón. Thaitin saothar Chuaróin le Rowling roimh an triú scannán agus deir sí gurb é an triú scannán an ceann ab ansa léi.
Chuaigh Rowling in éadán dhéantóirí na scannán nuair a dúirt siad gur chóir go dtaifeadfaí é sna Stáit Aontaithe agus aisteoirí Meiriceánacha bheith páirteach sna scannáin (ní raibh ach aon Mheiriceánach amháin sa chéad scannán). D'aontaigh sí go drogallach chun Philospher's Stone (órchloch) a athrú chuig Sorcerer's Stone, ach dúirt sí gur san Stáit Aontaithe amháin a ligfeadh sí é. Is mar gheall air go ndúirt Rowling go gcaithfidh na príomhaisteoirí bheith ina mBriotanaigh, nach ndearna Steven Spielberg na scannáin.
Tugann Rowling cuidiú le Steve Kloves, a scríobhann na scripteanna do na scannáin, chun cinnte a dhéanamh de nach gcuirfeadh rud ar bith a scríobhann sé isteach ar an chuid eile de na leabhair. Dar léi, tá a thuilleadh ar eolas aige faoi na leabhair le teacht, ná duine ar bith eile, ach níl a fhios aige gach rud. Dúirt sí chomh maith gur inis sí rúin áirithe do Alan Rickman agus Robbie Coltrane faoina gcarachtar nár tháinig chun solais sna leabhair go fóill.
Teaghlach
Posadh Rowling agus Dr. Neil Murray (ainéistéisí) ag a teach ar 26 Mí na Nollag, 2001. Ar 23 Márta, 2003, rugadh dara páiste do Rowling, gasúr ar a thug sí David Gordon Rowling Murray. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar 23 Eanáir, 2005 rugadh an dara páiste de Dr. Murray do Rowling. Is Mackenzie Jean Rowling Murray a tugadh ar an leanbh.
Naisc Sheachtracha
- [http://www.jkrowling.com/ Suíomh oifigiúil J. K. Rowling]
Rowling, Joanne
Rowling, Joanne
ja:J・K・ローリング
simple:J. K. Rowling
zh-min-nan:J. K. Rowling
31 Iúil
Féilte
-
Daoine a rugadh ar an lá seo
-
Daoine a fuair bás ar an lá seo
- 1875 - Andrew Johnson, an 17ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (r. 1808)
Tarluithe eile
-
0731
Iúil, 31
ja:7月31日
ko:7월 31일
simple:July 31
th:31 กรกฎาคม
2004Ba bliain bhisigh an bhliain 2004.
- Bliain Shíneach (22 Eanáir): Moncaí (猴)
Eachtraí
Márta
- 29 Márta - Chuir Poblacht na hÉireann cosc ar tobac a chaitheamh in áiteanna oibre.
Bealtaine
- 1 Bealtaine - Leathnú an Aontais Eorpaigh: thanaig an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phoblacht Sheiceach, an tSlóivéin, an tSlóvaic, agus an Ungáir istigh.
Samhain
- 2 Samhain - Bhuaigh George W. Bush an toghchán uachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Básanna
Lúnasa
- 3 Lúnasa - Henri Cartier-Bresson, 95, grianghrafadóir
- 14 Lúnasa - Czesław Miłosz, scríbhneoir aistí agus file liriciúil Polannach (r. 1911)
Rang:Blianta
ja:2004年
ko:2004년
simple:2004
Eilís II na Ríochta Aontaithe
Is í a Mórgacht Banríon Eilís II, Elizabeth Alexandra Mary Windsor (a rugadh ar 21 Aibreán 1926) banríon ceannasach agus ceann stáit Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus de 15 tíortha eile sa Chomhlathas. Is ceannaire Chomhlathais na Náisiún agus Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana í. Tá sí i gcoróin ón 6 Feabhra 1952 agus tá sí i réim níos faida ná aon cheann stáit eile faoi láthair, seachas Rama IX is Rainier III. Maireann bordaithe agus 125 milliún duine i dtíortha ar í a gceann stát. Sul má tháinig sí i gcoróin, bhí an teideal Bandiúc Dhúin Éideann aici.
Eilis 2
Eilis 2
ja:エリザベス2世 (イギリス女王)
ko:엘리자베스 2세
ms:Elizabeth II
simple:Elizabeth II of the United Kingdom
th:สมเด็จพระราชินีนาถอลิซาเบธที่ 2 แห่งสหราชอาณาจักร
zh-min-nan:Liân-ha̍p Ông-kok ê tē II ê Elizabeth
AlbainIs tír í Albain (i nGaeilge na hAlban Alba; i mBéarla agus Béarla na hAlban, Scotland) a bhíodh ina ríocht neamhspleách uair in iarthuaisceart na hEorpa, agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin is mó atá san áireamh sa Ríocht Aontaithe. Clúdaíonn Albain an trian thuaidh d'oileán na Breataine. Ba threibh Gaelach in Éirinn iad na Scoit, ach tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm Scoti, agus thug an Laidin Scotia uirthi, agus is uaidh sin a thagann 'Scotland' sa Bhéarla.
Ghlac Albain páirt in aontas pearsanta le Sasana sa bhliain 1603, nuair a deineadh Séamus I Shasana de Séamus VI na hAlban. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas 1 Bealtaine 1707 le Acht an Aontais 1707. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar Márta 26, 1707. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig Ríocht na Breataine Móire ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i Westminster, Londain. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éireann, agus ó 1932 ar aghaidh is Tuaisceart Éireann a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. I 1999, beagnach 300 bliain tar éis é a bheith curtha ar ceal, thogh pobal na hAlban parlaimint na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoin Acht Alban 1998. Tugadh cumhachtaí do Pharlaimint na hAlban an tír a riarú i ngnéithe a bhaineann le hAlban amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aige le cáin a ardú.
Ceann Stáit
Síolraíonn Banríon Eilís II na Ríochta Aontaithe, Ceann Stáit na Ríochta Aontaithe, ó Rí Séamus VI na hAlban, an céad monarc Albanach ar Rí freisin ar Shasana é (Rí Séamus I Shasana ó 1603) ar aghaidh.
Cé go bhfuil roinnt conspóide fós imeasc pobal na hAlban faoin dteideal a ghlac sí ag a corónú (measann go leor in Albain gur chóir di, go loighiciúil, Eilís I a thabhairt uirthi féin) thug cúirteanna na hAlban ceart do Eilís II mar theideal oifigiúil. Deir sí go leanfaidh monairc an traidisiún oird idirnáisiúnta sna todhchaí, a thugann an riail, nuair a bhíonn monarc i réimeas i níos mó ná críoch spleách amháin (nó i gcríocha neamhspleácha a aontaíonn le monarc amháin) agus ina bhfuil malairt in uimhir na monarc leis an ainm céannna iontu, go núsáidfear an uimhir is airde in aon cheann acu sna críocha go léir. (San aimsir atá thart, bhí ríthe Albanacha-Sasanacha mar Shéamus VI/I agus Shéamus VII/II i réimeas thar ríochtaí ar leith de réir dlí, agus mar sin d'úsáid said an dá uimhir.)
Tíreolaíocht
Is ar thuaisceart oileáin na Breataine atá Alba; thar teorainn ó dheas uaidh tá Sasana. Tá cuid de mhórthír na Breataine inti, maraon le roinnt grúpaí oileán, ar nós Seilteann, Arcaibh agus na hOileáin Thiar. Trí rann tíreolaíochta agus clocheolaíochta atá ar an mórthír: aduaidh aneas, is iad seo Garbhchríocha na hAlban atá sléibhteach don chuid is mó, an Crios Láirneach nó an Ghalltacht Meánach, atá íseal go maith, agus Árdáin an Deiscirt atá cnocach. Is sa Chrios Láirneach a mhaireann formór na ndaoine, agus is ann atá trí chinn de na sé caithreacha atá sa tír Dún Éideann, Glaschú, Sruighlea, maraon le go leor bailte móra eile. Tá an chuid is mó d'fhuíoll an daonra in Ísiltír an Oirthuaiscirt, mar a bhfuil dhá cheann eile de na caithreacha sin, Obar Deathain agus Dún Deagh. Fágann sin Inbhear Nis, atá san áit a bhuaileann Abhainn Nis le Moray Firth, ar an scoilt idir Árdáin an Iarthuaiscirt agus na Cairn Gorma.
Roinntear Alba i ggcontaetha traidisiúnta, ach in 1889, nuair a cuireadh na comharlaithe contae ar bun, cuireadh beagán atheagair orthu mar go raibh cuid díobh i mórán codanna, nó fiú ina smidiríní.
Clocheolaíocht
Gluaiseacht na bplátaí teicteonacha
Nuair a bhí vulcánachas go beo in Labhaidh Thoir, 350 milliún bhliain ó shin, bhí na carraigeacha ar a bhfuil Alba an lae inniu gar don Meánchiorcal, agus ba chuid d'ollchríoch Pangaea a bhí tar éis teacht le chéile, .i. lean na plátaí mór-roinneacha a bhí i Pangaea ag teacht le chéile, agus tharla bualadh mór le mór-roinn Gonduana.
Níor tháinig codanna thuaidh agus theas oileáin na Breataine le chéile ach 76 miliúin bliain roimh thosú an vulcánachas in Oirthear Labhaidh. Roimhe sin, bhí Albain ar imeall mór-roinne Laurentia, ina raibh Meiriceá Thuaidh agus an Ghraonlainn freisin. Bhí Sasana agus an Bhreatain Bheag timpeall 40° níos sia ó dheas, gar don Afraic agus do Mheiriceá Theas i mór roinn Gonduana. Go luath sa tréimhse Ordaivíseach, timpeall 475 miliún bliain ó shoin, dhruid Sasana agus an Bhreatain Bheag, a bhí ar phláta Avalonia, amach ó Ghonduana agus chuadar ó thuaidh i dtreo Laurentia. Thosaigh Aigéan Iapetus, a bhí idir an dá chríoch, ag dúnadh. Faoi lár an Ré Siliúraigh, timpeall 420 miliún bliain ó shin, bhí ceangal ag a imeall ar fad Snaidhme Iapetus, a leanann line a ghluaiseann soir-siar ón Solway Firth go Northumberland go garbh.
Nuair a thosaigh an ré vulcánach níos déanaí, timpeall 270 bliain ó shin, ba chuid de Pangaea Alba fós, ach bhí sí i ndiaidh druideadh ó thuaidh. Bhí Labhaidh Thoir timpeall 8° ó thuaidh. Lean Pangaea ag teacht le chéile, ionnus go raibh an aigéan is gaire, Aigéan Tethys, idir an Eóráise agus an Afraic.
Féach [http://www.glg.ed.ac.uk/home/s9810658/eastlothian/plates/tectonics.html Cuntas ar theicteonacht].
Teanga
Labhraíonn an daonra iomlán, nach mór, Béarla, cé go labhraíonn go leor foirmeacha agus canúintí éagsúla d'Albainis (Scots) a bhfuil an-difríocht aige le gnáth-Bhéarla caighdeánach na hAlban. Baineann timpeall 2% den daonra feidhm as Gaeilge na hAlban nó "Gàidhlig" i ngnáthchúrsaí an lae, go príomha i gceantair i dtuaisceart agus in iarthar na tíre. Tá Béarla maith ag na Gaeilgeoirí seo ar fad.
Faoin am ar tháinig Séamus VI na hAlban i gcoróin i Sasana, ba í an Albainis, ar a dtugtar "Scots" nó "Lallans" freisin as Béarla (ón bhfocal Lowlands, machairí), a labhair seanchúirt agus seanpharlaimint na hAlban. B'as seanteanga Anglacach a labhraítí i sean-ríocht Bernicia i Northumbria, a ghabh an ríocht Briotánach Gododdin sa 6ú aois, agus a d'athraigh ainm a phríomháitrimh ó "Dún Éideann" na Gaeilge go "Edinburgh", a tháinig an "Scots" seo.
Stair
Ba é Coinneach Mac Ailpín ar dtús a d'aontaigh ríocht na nGael agus na gCruithneach in Albain, nuair a thóg sé coróin na gCruithneach in 843 AD. Go stariúil, ó aimsir Dáibhí I na hAlban (i bhí i réim 1124–1153) ar a laghad, bhí scoilt cultúrtha le sonrú in Albain - Ísiltír na hAlban, arbh í Albainis, agus níos déanaí an Béarla, a príomhtheanga, agus Garbhchríocha na hAlban arbh í a príomhtheanga Gaeilge na hAlban. Chuir sé seo scoilt sa tír, agus sa stair ba mhó faoi thionchair Shasana a bhí an Ísiltír: bhí an Ísiltír níos oscailte do airm a d’ionsódh í ón deisceart, agus ghlac siad níos mó de thionchar Shasana mar gheall ar chomh gar a bhíodar agus méid a gcuid gnó le Sasana.
Ba ghnéith ar leith in Albain córas na gclann. Imeasc na gclann cáiliúla tá Clann Mhic Ghríogóir (MacGregor), Clann Mhic Dhónaill (MacDonald, Clann Mhic Cionnaith (MacKenzie), Clann Mhic Aoidh (MacKay), Clann Mhic Leoid (MacLeod), Clann Mhic Roibeard (Robertson) agus Clann Chambeul (Campbell).
Sa ré stairiúil, ghlac Ísiltír na hAlban sórt córais feodach tar éis Ghabháltais na Normanach i Sasana, agus b'as clanna de bhunadh Normanach a shíolraigh formhór na monarc tar éis circa 1100 AD. I measc na gclann seo bhí Clann Stíobhard, Clann Brús, Clann Dubhghlas, Clann Porteous, agus Clann Muirí.
Le linn Chogaidh na Saoirse in Albain (timpeall 1290 - 1363) d'éirigh muintir na hAlban amach i gcoinne riail Shasana, don chéad uair, faoi cheannas an ridire William Wallace, agus níos déanaí, faoi cheannas Robert the Bruce. Chloígh Bruce na Sasanaigh ag Cath Bannockburn i 1314.
In 1603 fuair Rí Séamus VI na hAlban coróin Shasana óna dhúchas, agus ceapadh mar Rí Séamus I Shasana é. Dhruid Séamus go Londain agus níor fhill sé ar Albain ach aon uair amháin. In 1707 shínigh Parlaimintí na hAlban agus Shasana Conradh Aontais. Leis an gconradh a chur i bhfeidhm, bhí parlaimintí Shasana agus na hAlban le dúnadh, agus a gcumhachtaí go léir le naistriú go dtí Parlaimint nua i Londain, a bheadh ansin mar Pharlaimint ar an Ríocht Aontaithe. Cuireadh aontas custaim agus airgeadra ar bun, freisin.
Lean an scéal mar seo go Bealtaine 1999 nuair a ghnóthaigh Alba parlaimint nua. Cé go raibh stadas parlaiminte náisiúnta ar thír neamhspleách ag sean-pharlaimint na hAlban, níl riar ag an bparlaimint nua ach i gcúrsaí intíre, mar go gcoinníonn Parlaimint na Ríochta Aontaithe freagracht ar chosaint, cúrsaí idirnáisiúnta agus cursaí áirithe eile in Albain.
Albain an lae inniu
Tá 32 roinn riarachána in Albain. I gcaint na ndaoine, cuirtear síos fós ar 33 chontaetha traidisiúnta. Tá sé chathair in Albain go hoifigiúil, agus ón gceann is mó anuas, is iad sin:
- Glaschú
- Dún Éideann, an príomhchathair
- Obar Dheathain
- Dún Déagh
- Inbhear Nis
- Sruighlea
Bealaí Uisce in Albain:
- Aibhneacha: An Chluaidh, An Dé, An Deathan, Abhainn Dubh Éireann, An Fhoirthe, An Spé, An Tatha, An Tuaidh
- Caolais: Caolas Chluaidh, Caol Dhornoch, Caolas Fhoirthe, Caolas Latharna, Caolas Mhoireibh, Caolas Solway, Caolas Tatha
- Fiordanna: Loch Fine, An Linne Sheilich, Loch Long, Loch a’ Taoibh, Loch Sunart, Loch Neibhis, Loch Hourn, Loch Broom
- Locha: Loch Laomainn, Loch Ma Ruibhe, Loch Mhórair, Loch Nis, Loch Obha, Loch Rainich, Loch Sin, Loch Tatha, Loch Teimheil.
- Bealaí uisce cruthaithe agus méadaithe ag an duine: an Canál Cailedónach, Canál Crinan, Canál Fhoirthe & na Cluaidhe, Canál an Aontais.
Cultúr
Tá cultúr cathartha ar leith ag Albain seachas an chuid eile den mBreatain. Tagann cuid de ó dhifríochtaí a fhanann mar gheall ar mhíreanna san Acht Aontais, agus cuid eile ar éasca iad a athaint, ach nach éasca cur síos orthu.
Dlí na hAlban
Coinníonn Albain a córas dleathach ar leith, bunaithe ar an dlí Rómhánach, agus ina bhfuil gnéithe den dlí síbhialta agus den dlí comónta le sonrú. Tá sé scríofa i dtéarmaí an aontais le Sasana go gcoinnifí córais dleathacha ar leith. Baintear feidhm as abhcóidí, ar a dtugtar "advocates", agus bíonn na breithimh céanna i gcásanna síbhialta agus i gcásanna coiriúla.
Oideachas in Albain
Tá córas oideachais dá cuid féin ag Alba freisin. Leag Acht an Aontachais síos cearta na nOllscoil Albanacha, ach, níos tábhachtaí fós, ba í Alba an chéad tír ó Sparta sa Ghréig chlaisiceach a chuir córas oideachais poiblí ginearálta i bhfeidhm. Thosaigh sé seo leis an Acht Oideachais i 1696, agus bhí sé riachtanach do leanaí ó cuireadh Acht Oideachais 1872 i bhfeidhm. Mar bharr air sin, ar feadh dhá chéad bliain, bhí céatadán níos airde de dhaonra na hAlban tar éis oideachas a fháil ag leibhéil bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal ná in aon tír eile san Eoraip. Thaispeáin na difríochtaí oideachais seo iad féin ina lán bealaí, ach go háirithe in uimhir na nAlbanach a ghlac ceannas ina gcuid réimsí le linn na 18ú agus an 19ú aoiseanna.
Tógann daltaí scoile na hAlban scrúdaithe Higher seachas A-Levels Shasana. Chomh maith leis sin tógann céim onóracha in ollscoil Albanach ceithre bhliain, seachas trí bliana sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Tá na córais ollscoile i gcuid de thíortha Chomhlathais na Náisiún (ar a dtugtaí Comhlathas na Breataine cheana) bunaithe níos mó ar chóras na hAlban seachas ar cheann Shasana.
Bancaeracht
Tá gnéithe ar leith i gcóras bancaerachta na hAlban, freisin. Cé gur é Banc Shasana banc ceannais Rialtais na Ríochta Aontaithe, eisíonn trí bhanc chorporach Albanach nótaí bainc: (Bank of Scotland, Royal Bank of Scotland agus Clydesdale Bank). Níl stadas dlíthairisceana i Sasana, sa Bhreatain Bheag ná i dTuaisceart Éireann acusan (cé go n-úsáidtear timpeall na Breataine iad, go háirithe i dTuaisceart Éireann, mar a eisíonn bainc na hÉireann a gcuid nótaí bainc féin freisin). In Albain, níl stadas dlíthairisceana ag na nótaí seo ná ag nótaí Bhainc Shasana, mar nach bhfuil cur síos aír i ndlí na hAlban, ach glactar go forleathan le nótaí na gceithre mbanc.
Le plé níos faide, fch. [http://www.siliconglen.com/Scotland/1_7.html Legal Tender]
Thosaigh córas bancaerachta craoibh an lae inniu, (ina gcoinníonn bainc gréasán craobh ar fud na tíre, seachas lár-oifig nó dhó) in Albain. Ní ach brú polaitiúil láidir i rith an 19ú aois a chosc an córas bancaerachta láidir a bhí dá bharr ó seilbh a thógáil ar chóras bancaerachta Shasana. Cé nach raibh fáilte roimh bancanna na hAlban ag an am, deineadh aithris ar a modhanna gnó go forleathan, ag tosú i Sasana agus ansin ar fud an domhain.
Spóirt
Tá an chuid eagrais spóirt náisiúnta sa tír, ar nós Conradh Peile na hAlban (Scottish Football League), nó Aontas Rugbaí na hAlban (SRU). Tugann sé seo toscaireacht neamhspleách don tír ag go leor imeachtaí idirnáisiúnta spóirt, m.sh. sacar i gCorn Peile an Domhain. Ní féidir le hAlbain dul i gcomórtas sna Cluichí Oilimpeacha go neamhspleách, ámh, agus más mian le haclaithe na hAlban páirt a ghlacadh, bíonn orthu sin a dhéanamh mar pháirt de fhoireann na Ríochta Aontaithe. Cuireann an tír foireann chuig Cluichí an Chomhlathais, ámh.
Na meáin chumarsáide
Tá meáin chumarsáide ar leith in Albain seachas mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Mar shampla, táirgeann sí páipéirí nuachta ar nós The Daily Record (príomh nuachtán pháipéir-cúng na hAlban) agus an dá phríomh nuachtán pháipéir-leathain, The Herald bunaithe i nGlaschú, agus The Scotsman i nDún Éideann. D’athraigh The Herald a ainm ó Glasgow Herald, chun aitheantas a fháil mar pháipéar náisiúnta seachas mar cheann réigiúnda. Imeasc páipéirí an Domhnaigh, tá an tablóideach Sunday Mail (foilsithe ag an Daily Record) agus an Sunday Post, agus tá ceangal ag an Sunday Herald le The Herald agus ag Scotland on Sunday le The Scotsman. Tá páipéirí laethúla réigiúnda ann freisin, mar The Courier and Advertiser i nDún Deagh san oirthear, agus The Press and Journal a chlúdaíonn Obar Deathain agus tuaisceart na tíre.
Tá a cuid seirbhísí BBC féin ag Alba, mar shampla na stáisiúin náisiúnta raidió, BBC Radio Scotland agus an tseirbhís i nGaeilge na hAlban, BBC Radio nan Gaidheal. Tá roinnt mhaith stáisiún raidió BBC agus neamhspleácha freisin ar fud na tíre. Maraon leis an raidió, cuireann BBC Scotland dhá sheirbhís teilifíse ar fáil. Táirgítear cuid mhaith de chraoltacháin an BBC Scotland Television do phobal na hAlban, ar nós cláracha nuachta agus gnóthaí reatha, agus an opera galúnaigh bunaithe i nGlaschú, River City, ach táirgítear cinn eile, ar nós drámaí agus cláracha grinn, do lucht féachana ar fud na Ríochta Aontaithe, agus níos faide i gcéin. Tá difríocht freisin i gclúdach ar spóirt, mar go bhfuil a lígeanna sacair féin ag an tír, seachas cinn Shasana.
Tá trí stáisiún teilifíse neamhspleácha ag craoladh in Albain, (Scottish Television, Grampian Television agus Border Television) freisin. Cé go rabhadar neamhspleách cheana, is leis an gcomhlucht chéanna (The Scottish Media Group) anois Scottish TV agus Grampian, agus is beag na difríochtaí eadarthu. Tá an scéal níos casta ag "Border", mar go gcaitheann sé seirbhís a thabhairt do áiteanna thar teorann i Sasana, chomh maith le hOileán Mhanann, agus tá seirbhísí nuachta ar leith anois aige don dá thaobh den teorann. Tá an chuid is mó de na craoltacháin neamhspleácha mar an gcéanna leo siúd i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann, lasmuigh de nuacht agus cúrsaí reatha, spóirt, agus cláracha cultúrtha agus i nGaeilge na hAlban.
Gnéithe eile de chultúr na hAlban
Tá mothú cine agus náisiúin dá cuid féin ag Albain. Taispeánann taighde léannta gach uair go mbraitheann muintir na hAlban gur Albanaigh iad (b'fhéidir gur deise an Béarla anseo!), fiú muna dteastaíonn uathu i gcónaí go ndéanfaí tír agus náisiún lán-neamhspleách di.
Tá réimse teangacha agus canúintí dá cuid féin ag Albain, freisin, rud a thugann an chiall do mhuintir na hAlban gur náisiúnt iontu féin a bhí iontu. Féach Albainis.
Tá feidhmeanna eaglais náisiúnta ag Eaglais na hAlban (ar a dtugtar The Kirk go minic). Seachas mar atá in Eaglais Shasana, tá foirm Preisbitéarach riaracháin aici, nach bhfuil faoi smacht an stáit. Tagann sé seo ón gcaoi ar tháinig an tAthleasú Creidimh go hAlbain, gluaiseacht a thosaigh John Knox i 1560. Ba imeasc na ngnáthdhaoine don chuid is mó a tháinig Athrú Creidimh na hAlban ar an saol, agus roghnaigh muintir na hAlban an Preisbitéarachas mar mhodh riartha ar a n-eaglais. Níorbh amhlaidh i Sasana, áit ar chuir Rí Annraoi VIII Shasana Athrú Creidimh Shasana ar bun é féin, agus inar roghnaigh sé modh riaracháin a bhí ag brath ar easpaig, modh a leanann fós in Eaglais Shasana.
Tá roinnt eaglaisí Chríostaíocha eile in Albain, ina measc an Chaitliceachas Rómhánach, a tháinig ar ais ar an saol trí inimirce tar éis do Phrotastúnaigh é a chuir faoi chois go trom ón 16ú aois go dtí go déanach san 18ú aois. Is í anois an chreideamh is mó í lasmuigh den Kirk. Chomh maith leis an Kirk tá eaglaisí éagsúla Protastúnacha in Albain, ina measc Eaglais Easpagrach Albain, ar lán-ball de Comaoine an Anglacánachais í, agus Saor-Eaglais na hAlban, eaglais Phreisbitéarach a tháinig ar an saol i scoilt ó Eaglais na hAlban, agus a dtugtar na Wee Frees ar a bhaill.
Is é an tIoslámachas an creideamh neamh-Chríostaíoch is mó in Albain, ach ní mórán daoine atá i gceist.
Tá sean-chleachtadh ag cuid mhaith d'Albain ar thriobhóidí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, go háirithe mórthimpeall Ghlaschú. Tá sé seo le sonrú le fada go háirithe i bhfostaíocht agus i gcúrsaí sacair. Tá laghdú mór ar a leithéid de sheicteachas in Albain seachas mar a bhí blianta ó shoin, ach tá a rian le sonrú roinnt éigin fós.
Polaitíocht
Ar feadh achair fada, bhí polaitíocht na Ríochta Aontaithe le sonrú i bpolataíobht na hAlban, ach le roinnt difríochtaí. Mar shampla, seachas na bpáirtithe atá ar fud na Ríocht Aontaithe, (Páirtí an Lucht Oibre (RA), an Páirtí Caomhnaitheach (RA) agus na Daonlathaigh Liobrálacha (RA)) tá páirtithe atá ar bun in Albain amháin. Ina measc, tá Páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP), Páirtí Sóisíalach na hAlban (SSP) agus Páirtí Glas na hAlban. Tá níos mó brí san páirtithe seo a cuireadh Parlaimint na hAlban ar bun i 1998.
Tá baint tar éis a bheith ag difríochtaí traidisiúnta idir an eite chlé agus an eite dheas le cur is cúiteamh ar an bhféinrial, rud a thug na páirtithe atá ar fud na Breataine roinnt tacaíochta dó thar am, cé gur tháinig athrú meonach ar na Caomhánaigh agus ar Lucht Oibre níos mó ná uair amháin. Ach le devolution tar éis tárlúint cheana féin, is idir iad siúd a thacaíonn le neamhspleáchas na hAlban agus iad siúd a chuireann ina choinne a bhaineann an príomh aragóint bunreachtúil. De réir mar atá an scéal ag titim amach, de réir State of the Nation Poll 2004, ba mhaith le 66% d’Albanaigh níos mó cumhachta a bheith ag Parlaimint na hAlban, agus níor mhaith ach le 2% na cumhachtaí a bheith arís faoi Westminster.
Geilleagar na hAlban
Tá go leor roinnte i ngeilleagar na hAlban. Tá tábhacht i gcónaí ag ola, cé gur imigh innealtóireacht éadrom agus longchéartain i léig le blianta beaga anuas, agus tá an roinn seirbhíse, go háraithe an gnó airgeadais agus ceantair glaoigh, níos tábhachtaí anois. Tá obair faoin tuath, ar nós iascaireacht agus talmhaíocht tábhachtach i gcónaí, cé go bhfuil fás i nGleann Sileacan na tíre le táirgeadh ríomhairí agus fóin phóca. Tá tábhacht fós le táirgeadh uisce beatha, mar atá le gnó na turasóireachta.
Naisc sheachtracha
- [http://www.scotlandroyalty.org/ Ríthe agus banríonacha na hAlban]
- [http://www.scotland.gov.uk/ Rialtas na hAlban]
- [http://www.scottish.parliament.uk/ Parlaimint na hAlban]
- [http://www.gro-scotland.gov.uk/ General Register Office for Scotland], ina bhfuil sonraí ón daonáireamh.
- [http://www.ejcl.org/44/art44-1.html H.L. MacQueen, Scots Law and the Road to the New Ius Commune] vol. 4.4 Electronic Journal of Comparative Law (December 2000)
- [http://www.bbc.co.uk/scotland/radioscotland/ Raidió na hAlban]
- [http://www.sns.gov.uk Staitisticí ar chomharsanachtaí in Albain]
- [http://www.gaelic-scotland.co.uk/map-gaelic.html Mapa d'Albain i nGaeilge na hAlban]
Rang:Ríocht Aontaithe
ja:スコットランド
simple:Scotland
Fraincis
Is í an Fhraincis an teanga a labhraíonn formhór mhuintir na Fraince. Tá bunús Laidine aici, ach bhí sí faoi thionchar teanga na gCeilteach a tháinig roimh na Rómhánaigh sa tír sin freisin , agus níos moille, faoi thionchar theanga na bhFranc (pobal Gearmánach) i dtús na Meánaoise. Labhraíonn mionlach mór sa an Bheilg an teanga freisin, mionlach in iarthar na hEilvéise, formhór mhuintir Québec i gCeanada, agus na milliúin ar fud an domhain in iar-choilíneachtaí na Fraince.
Ba í an Fhraincis teanga idirnáisiúnta na taidhleoireachta ar feadh na gcianta, agus ba í an ghnáth-theanga a labhair cuid mhaith d'uasalaicme na hEorpa san ochtú haois déag, go háirithe sa Phrúis agus sa Rúis, ach de réir a chéile, ó na 1970í ar aghaidh, tá an Béarla ag dul chun cinn uirthi san earnáil sin.
Rang:Teangacha
Rang:An Fhrainc
Rang:Ceanada
als:Französische Sprache
ja:フランス語
ko:프랑스어
simple:French language
th:ภาษาฝรั่งเศส
zh-min-nan:Hoat-gí
Páras
Is í Páras (Fraincis: Paris) príomhchathair na Fraince.
Is í an an chathair is mó sa Fhrainc; tá 2,142,800 duine in a gcónaí i bPáras (daonáireamh 2004). Conaíonn 11.5 milliún duine sa cheantar (daonáireamh Eanáir 2004).
Paras
Paras
als:Paris (Stadt)
ko:파리 시
ja:パリ
simple:Paris
th:ปารีส
LondainIs í Londain (London sa Bhéarla) príomhchathair Shasana. Bhí daonra de timpeall agus 7,421,228 ar 1/1/2005 i Londain. Is é cathair is mó na hAE.
hAE]
Rang:Cathracha
Rang:Ríocht Aontaithe
ja:ロンドン
ko:런던
simple:London
th:ลอนดอน
zh-min-nan:London
An Phortaingéil
Is poblacht daonlathach í an Phoblacht Phortaingéalach (Portaingéilis: República Portuguesa) suite in iardheisceart na hEorpa.
zh-min-nan:Portugal
ko:포르투갈
ms:Portugal
ja:ポルトガル
simple:Portugal
th:สาธารณรัฐโปรตุเกส
16 Deireadh Fómhair
Féilte
-
Daoine a rugadh ar an lá seo
- 1758 - Noah Webster, eagarthóir foclóireachta († 1843)
- 1854 - Oscar Wilde, drámadóir, úrscéalaí agus file († 1900)
- 1886 - David Ben-Gurion, príomh-aire Iosrael († 1973)
- 1888 - Eugene O'Neill, drámadóir († 1953)
- 1890 - Micheál Ó Coileáin, nó Michael Collins as Béarla, ceannaire réabhlóideach († 1922)
Daoine a fuair bás ar an lá seo
- 1793 - Marie-Antoinette na hOstaire, 37, bean chéile Louis XVI na Fraince
- 1981 - Moshe Dayan, 66, saighdiúir
- 1997 - James Michener, 90, údar
Tarluithe eile
-
1016
Deireadh Fómhair, 16
ja:10月16日
ko:10월 16일
simple:October 16
th:16 ตุลาคม
1992
Eachtraí
-
Breitheanna
-
Básanna
-
Duaiseanna Nobel
Rang:Blianta
ms:1992
nb:1992
simple:1992
27 Iúil
Féilte
-
Daoine a rugadh ar an lá seo
- 1777, Thomas Campbell file Albanach (†1844)
Daoine a fuair bás ar an lá seo
-
Tarluithe eile
-
0727
Iúil, 27
ja:7月27日
ko:7월 27일
simple:July 27
th:27 กรกฎาคม
1993
Eachtraí
-
Breitheanna
-
Básanna
-
Duaiseanna Nobel
Rang:Blianta
ms:1993
nb:1993
simple:1993
1995
Eachtraí
-
Breitheanna
-
Básanna
-
Duaiseanna Nobel
Rang:Blianta
ms:1995
nb:1995
simple:1995
Gaeilge
Is í an Ghaeilge (.i. Gaeilge na hÉireann) an teanga Ghaelach a labhraítear in Éirinn. Teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil na hÉireann is ea í. (Tá an Béarla luaite sa Bhunreacht mar "theanga oifigiúil eile".) An 13 Meitheamh, 2005 d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an AE an Ghaeilge a ghlacadh mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Beidh feidhm leis an stádas seo ó 1 Eanáir, 2007.
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: Gaedhealg, Gaedhilge, nó Gaedhilg (i gConamara), Gaedhilic nó Gaeilic (in áiteanna i Maigh Eo), Gaedhealaing nó Gaoluinn (sa Mhumhain), Gaedhlag (Ó Méith – Ard Mhacha agus Lú), Gáidhlic (in Alban), agus Guithealg nó Goidelc (Sean-Ghaeilge). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malairteacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá Gaoluinn, leis, toisc gur mar "é" fada a fhuaimnítear "ao" an litrithe sna canúintí deisceartacha.
Stair
Ogham agus Sean-Ghaeilge
Ba é an tOgham an chéad chóras scríofa don Ghaeilge, ach is gnách í a chur ar pár i litreacha Laidine le níos mó ná míle bliain anuas. Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan scríofa den teanga, mar atá, an tSean-Ghaeilge, ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí an tSean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí. De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na Rúraíochta is na Fiannaíochta. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta Págánta agus a shílfeadh duine, ach mar sin féin bhain siad gach tagairt nithiúil don chreideamh réamh-Chríostaí de na leaganacha a rinne siad de na scéalta seo. Mar sin, fág is go bhfuil ethos agus spiorad na seanscéalta Gaelacha págánta tríd síos, is deacair aon tagairt do na déithe Págánta a aithint iontu.
Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní Oghaim le sonrú sa Sean-Ghaeilge is nua-aoisí - fiú má bhaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl "Phágánta" na n-Oghamchloch.
Mheán-Ghaeilge
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge, agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge.
Nua-Ghaeilge
Le teacht an dóú haois déag, múnlaíodh an caighdeán nua - caighdeán a bhí sách cóngarach do chaint na ndaoine, an chuid ba mhó léinn acu ar a laghad - ar a dtugtar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach. Caighdeán sách dian atá inti, agus í saor go hiomlán ó gach cineál canúnachais. Is fíor go raibh cead ag na filí úsáid a bhaint as dhá leagan chanúnacha den fhocal chéanna le freastal ar riachtanaisí na ríme is na rithime, ach níorbh ionann sin is a rá go mbeadh an file seo níos claonta chun an leagain seo a úsáid agus an file úd eile níos doirte d'fhoirm a chanúna féin - bhí an bheirt acu ag úsáid an dá fhoirm, de réir mar a theastaíodh chun ealaín na filíochta.
Chuir tosach na séú haoise déag agus maidhm Chionn tSáile deireadh sách giorraisc le saothrú na Nua-Ghaeilge Clasaicí. An cineál Gaeilge a scríobhtaí i mblianta dorcha na bPéindlíthe, má scríobhtaí in aon chor í, ba mheascán í agus an chanúint ag fáil an lámh in uachtar ar an gcaighdeán clasaiceach inti le himeacht na gcéadta bliain.
Go deireanach
I ndeireadh na naoú haoise déag, cuireadh an Nua-Ghaeilge chomhaimseartha ar bun. Ar dtús, rinne lucht an ghlanteangachais, a raibh daoine leithéidí Risteard de Hindeberg orthu, iarrachtaí áirithe ar chaighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí a athréimniú, ach b'é an scríbhneoir biseach úd, an tAthair Peadar Ua Laoghaire, a rug bua ar de Hindeberg agus an dóigh a raibh sé ag cur béim ar ghnáthchaint na ndaoine. Ós rud é, áfach, gurb ionann caint seo na ndaoine ag an Athair Peadar agus canúint a sheanfhóid dúchais féin i Múscraí (Contae Chorcaí), chuaigh canúint na Mumhan chomh mór sin i bhfeidhm ar an gcaighdeán scríofa is go mbíonn muintir Chonnacht agus Uladh ag gearán inniu féin faoi chlaonchanúnachas an chaighdeáin scríofa, chomh dothuigthe is atá sé, dar leo.
Litríocht na Gaeilge
Uladh]]
Thosaigh litríocht na Gaeilge ag forbairt as an nua, nuair a tháinig úrscéal an Athar Pheadair Uí Laoghaire, Séadna, i gcló go gairid i ndiaidh do Dhubhghlas de hÍde a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigeadh as Éirinn. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Pheadair ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teangan. I ndiaidh Shéadna, aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de Don Cíochóité, agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, Mo Scéal Féin, a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.
Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain Pádraig Mac Piarais amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.
Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad "An tOileánach" le Seán Ó Criomhthain, "Peig" - tuairisc a thug Peig Sayers ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le Muiris Ó Súilleabháin. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-Ghaeltachta aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo - Peig go háirithe - le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla.
Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht Chúige Uladh, "Rotha Mór an tSaoil" le Micí Mac Gabhann, a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí - mar a fheictear don léitheoir - dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.
Ba dhothuigthe an litríocht Mhuimhneach le scríbhneoirí na gcúigí eile, agus ba é an tuairim a bhí acu gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt deartháireacha ó na Rosa, Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, na scríbhneoirí ba mhó ó Chúige Uladh. Bhí siad páirteach i gCogadh Saoirse na hÉireann agus i gCogadh Cathartha na hÉireann, agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil "An Druma Mór" agus na dírbheathaisnéise "Mo Bhealach Féin"; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir, agus tháinig críoch dheifnideach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómansúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí: le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an gluaiseacht Language Freedom Movement, a raibh in aghaidh múinte éigeantaigh na Gaeilge.
Is é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir Gaeilge ba thábhachtaí san fhíchiú haois, áfach. Duine nua-aimseartha ar fad a bhí ann, fear a chuir spéis bheo bhíogúil i gcúrsaí a chomhaimsire sa bhaile is i gcéin, agus é ag baint úsáide as gach cineál cleasa nua ina chuid scríbhneoireachta leis an teanga agus an litríocht a thabhairt i gcrann. Scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus trí úrscéal nár tháinig ach an chéad cheann acu, "Cré na Cille", amach lena shaol féin. Úrscéal atá ann a thugann cur síos criticiúil ar shaol na Gaeltachta ó bhéal na marbhán atá ag déanamh créafóige sa reilig - an rud ba mhó a shamhlófaí le litríocht Mheiriceá Theas. Connachtach a bhí i Máirtín, agus é ag cloí le gramadach a chanúna féin, fiú i gcomhthéacsanna ar ghá, dar leat, caighdeánú níos déine ná sin a chur i bhfeidhm ar an teanga. Deirtear, áfach, nach raibh drogall ar bith roimh fhocail de chuid canúintí eile, ó Ghaeilge na hAlban, ón Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ó bhéarlagair na dtéarmadóirí i mBaile Átha Cliath a ghlacadh isteach ina chuid Gaeilge de réir mar a theastódh uaidh.
Go háirithe i ndiaidh an dara cogadh domhanda, chuaigh scríbhneoirí neamh-Ghaeltachta i mbun pinn, daoine nár fhoghlaim an teanga ach ar scoil. Rinne cuid acu léirscrios ar an teanga leis na struchtúir amscaí Béarlachais a d'úsáididis ina gcuid scríbhneoireachta, ach ón taobh eile de, d'éirigh le cuid acu téamaí nua a thabhairt isteach i litríocht na teanga. Áirítear Diarmuid Ó Súilleabháin agus Eoghan Ó Tuairisc ar daoine de na scríbhneoirí is tábhachtaí acu. Scríobh Eoghan Ó Tuairisc, ar dealbhadóir agus ealaíontóir a bhí ann ó thús, seachas scríbhneoir, scríobh sé na húrscéalta tábhachtacha stairiúla "L'Attaque", faoi imeachtaí Bhliain na bhFrancach i gContae Mhaigh Eo, agus "Dé Luain", atá scríofa de réir mar a chomhcheanglaítear na smaointí, seachas de réir mar a thiteann na himeachtaí amach - is é Éirí Amach na Cásca a phléitear sa dara húrscéal seo.
Naisc le hábhar eile a bhaineann le Gaeilge
- Canúint agus Caighdeáin
- Foclóirí Gaeilge
- Gaeilge na hAlban
- Gramadach na Gaeilge
- Liosta giorrúchán
- Stádas na Teangan
- Achmhainní Eile
Naisc seachtracha
- [http://de.wikisource.org/wiki/Die_araner_mundart Die araner mundart] (cuntas fóneolaíoch de chanúint na nOileán Árann, ó 1899; as Gearmáinis)
- [http://www.gaeilge.ie Foras na Gaeilge]
- [http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/gaeilge.html Sabhal Mòr Ostaig] - Gaeilge ar an Ghreasán
Rang:Teangacha
ja:アイルランド語
simple:Irish
4 Deireadh Fómhair
Féilte
-
Daoine a rugadh ar an lá seo
- 1822 - Rutherford B. Hayes, an 19ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (†1893)
Daoine a fuair bás ar an lá seo
-
Tarluithe eile
-
1004
Deireadh Fómhair, 04
ja:10月4日
ko:10월 4일
simple:October 4
th:4 ตุลาคม
2004Ba bliain bhisigh an bhliain 2004.
- Bliain Shíneach (22 Eanáir): Moncaí (猴)
Eachtraí
Márta
- 29 Márta - Chuir Poblacht na hÉireann cosc ar tobac a chaitheamh in áiteanna oibre.
Bealtaine
- 1 Bealtaine - Leathnú an Aontais Eorpaigh: thanaig an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phoblacht Sheiceach, an tSlóivéin, an tSlóvaic, agus an Ungáir istigh.
Samhain
- 2 Samhain - Bhuaigh George W. Bush an toghchán uachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Básanna
Lúnasa
- 3 Lúnasa - Henri Cartier-Bresson, 95, grianghrafadóir
- 14 Lúnasa - Czesław Miłosz, scríbhneoir aistí agus file liriciúil Polannach (r. 1911)
Rang:Blianta
ja:2004年
ko:2004년
simple:2004
2001
- Bliain Shíneach (24 Eanáir): Nathair (蛇)
Eachtraí
- 15 Eanáir - Tháinig an chiclipéid idirlíne Béarla Wikipedia ar líne don chéad uair. (Lá Wikipedia).
- 20 Eanáir - Ghlac George W. Bush mionn oifige Uachtaráin na Stát Aontaithe Mheiriceá
- 23 Márta - Thit an stáisiún spáis Rúiseach Mír isteach sa Chiúin-Aigéan
- 1 Aibreán - Géilleadh Slobodan Milošević don fórsa speisialta póilíneachta chun dul faoi triail ar choir cogaidh.
- 23 Deireadh Fómhair - Seol Apple Computer an iPod
- 25 Deireadh Fómhair - Seol Microsoft Windows XP
- 4 Samhain - Bunaíodh an Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann
Breitheanna
Básanna
- 25 Lúnasa - Aaliyah, amhránaí agus aisteoir Meiriceánach (r. 1979)
Duaiseanna Nobel
- Fisic - Eric Allin Cornell, Wolfgang Ketterle, Carl Edwin Wieman
- Ceimic - William S. Knowles, Ryoji Noyori, K. Barry Sharpless
- Leigheas - Leland H. Hartwell, R. Timothy Hunt, Paul M. Nurse
- Litríocht - V.S. Naipaul
- Síocháin - Náisiúin Aontaithe, Kofi Annan
Rang:Blianta
ja:2001年
ko:2001년
ms:2001
nb:2001
simple:2001
zh-min-nan:2001 nî
26 Mí na Nollag
Féilte
- Lá Fhéile Stiofáin nó Lá an Dreoilín
Daoine a rugadh ar an lá seo
-
Daoine a fuair bás ar an lá seo
-
Tarluithe eile
- 1587 - D’éalaigh Hugh O’Donnell, ó Caisleán Baile Átha Cliath
1226
Nollaig, 26
ja:12月26日
ko:12월 26일
simple:December 26
th:26 ธันวาคม
DurchgangsbahnhofAls Durchgangsbahnhof bezeichnet man einen Bahnhof, der den Eisenbahnbetrieb aus zwei Richtungen zulässt. Diese Bauform hat sich trotz ihrer teilweise problematischen Integration in die Infrastruktur der an ihr befindlichen Städte als die bessere herausgestellt, da das umfangreiche Gleisfeld der Kopfbahnhöfe entfallen kann.
In einigen Fällen wurden deshalb schon vorhandene Kopfbahnhöfe zum Durchgangsbahnhof umgebaut, beispielsweise in Heidelberg oder in Braunschweig. Besonders deutlich ist das Beispiel Berlin, wo nach dem Zweiten Weltkrieg sämtliche Kopfbahnhöfe rund um die Innenstadt aufgelassen und durch die – bereits 1882 eröffnete – Berliner Stadtbahn ersetzt wurden; nach der Deutschen Wiedervereinigung wurde diese Ost-West-Verbindung durch eine Nord-Süd-Verbindung mit Tunnel unter dem Tiergarten ergänzt.
Kategorie:Bahnhof
dieta snowboard w austrii hmb domeny zasony
|
|
|
| :: RELATED NEWS :: |
Rothörnchen
Die Rothörnchen (Tamiasciurus), in den USA auch als Chickarees bekannt, sind eine Gattung der Hörnchen. Obwohl sie der Lebensweise nach vom Baumhörnchen-Typ sind, gehören sie nicht zu den echten Baumhörnchen, sondern bilden einen eigenständigen Tribus der Hörnchen (siehe unten).
Unterschieden werden drei Arten:
- Gemeines Rothörnchen (Tamiasciurus hudsonicus), Kanada, Alaska
|
Kerstin Walther
Kerstin Walther ( - 15. April 1961) ist eine deutsche Leichtathletin, die bei der Weltmeisterschaft 1983 mit der DDR-Staffel die Goldmedaille im 4x400-Meter-Lauf gewann (3:19,73 Min.; zusammen mit Sabine Busch, <
|
MKSA-System
Das Internationale Einheitensystem, auch einfach SI (Abk. für frz.: Le Système international d'unités) genannt, verkörpert das moderne metrische System und ist das am weitesten verbreitete Einheitensystem für physikalische Einheiten. Es entstammt ursprünglich den Bedürfnissen der Wissenschaft und Färöisch, „Rauchstube“) ist der zentrale Raum im alten Bauernhaus der Färöer. Das Gegenteil der fensterlosen Roykstova ist die Glasstova.
Aufbau
Die Roykstova hat ihren Namen vom Rauch, der die Stube ausfüllt, wenn das offene Feuer in der Mitte des Raumes brennt. Über dieser Feuerstelle befand sich früher nur ein einfaches Loch im Dach, bevor
|
Regencape
Ein Regencape ist ein Umhang zum Schutz vor Regen.
Im eigentlichen Sinn ist es ein Umhang, meist mit einer Kapuze, der vorne eine Knopfreihe hat und zwei Armdurchgriffe ebenfalls nach vorne hin. Im Unterschied dazu hat ein Poncho keine Armdurchgriffe an der Vorderseite, sondern die Seitenlänge ist kürzer als die Vorder- bzw. Rückseite und hier auf der Seite greift man mit den Händen/Armen nach außen.
In der Regel wird es als Wasserschutz verwendet, beispielsweise beim Fahrradfahren und Wandern. Prakti
|
PEARL Operating System
Unter der Bezeichnung PEARL Operating System (POS) hat die Firma Brown, Boveri & Cie zwischen 1975 und 1995 ein Echtzeit-Betriebssystem für industrielle Anwendungen entwickelt und vertrieben. Das System wurde auf PDP-11-Rechnern der Firma Digital Equipment Corporation eingesetzt, es war zu 100
|
Zimmer frei
Zimmer frei! ist eine von Götz Alsmann und Christine Westermann moderierte wöchentliche Unterhaltungssendung im WDR Fernsehen.
Konzept der Sendung
Das Konzept der Sendung ist, dass sich ein prominenter Gast um ein Zimmer in der fiktiven, von Alsmann und Westermann bewohnten Wohngemeinschaft bewirbt. Die 60-minütige S
|
|
Wikipedia:Auskunft/Archiv/2005/Juni/2
Indian’s Reliefe Act
Was genau ist der Indian’s Reliefe Act ?
- Google mal unter der richtigen Schreibung nach [http://www.google.com/search?hl=en&lr=&q=%22indian+relief+act%22&btnG=Search "Indian Relief Act"] oder [http://www.google.com/search?hl=en&lr=&q=%22indians+relief+act%22&btnG=Search "Indians' Relief Act"], da findest du mehr. Siehe auch Mahatma Gandhi. --Fb78 post 15:56, 1. Jun 200
|
|